National University of Ireland, Maynooth

National University of Ireland, Maynooth
The Hume Building on the North Campus
Skip main navigation and go directly to page content

Faculties & Departments

Roinn na Nua-Ghaeilge

Staff / Foireann

Ruairí Ó hUiginn, M.A., Ph.D., Ollamh na Nua-Ghaeilge
Ruairi.OhUiginn@nuim.ie

 

Ruairi

Bhain Ruairí Ó hUiginn na B.A. agus M.A. amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. In Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, a bronnadh PhD air. Comhréir an ainmchlásail a bhi mar ábhar dochtúireachta aige. Tá tréimhsí caite aige mar léachtóir ollscoile in Uppsala, i nGaillimh, i mBonn agus i mBéal Feirste.

Modúil:

  • An Dara Bliain: NG209: An Béaloideas
  • An Dara Bliain: NG220: Literature and Late Medieval Society
  • An Tríú Bliain NG323: Gaeilge na hAlban
  • An Tríú Bliain: NG325: Logainmneacha agus ainmneacha pearsanta na Gaeilge.
  • MA: Prós na Nua-Ghaeilge Moiche, Modhanna Taighde, Ceisteanna Teanga.

 

Brian Ó Catháin M.A., Ph.D., Léachtóir Sinsearach
Brian.OCathain@nuim.ie

Is i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, a bhain Brian Ó Catháin na céimeanna B.A., M.A. agus Ph.D. amach. Is iad na réimsí taighde a bhíonn sé a shaothrú: canúineolaíocht, sochtheangeolaíocht agus gramadach na Nua-Ghaeilge; béaloideas Oileáin Árann; stair an Léinn Cheiltigh in Éirinn agus sa Ghearmáin.

Modúil:

  • An Dara Bliain: Foghraíocht na Gaeilge
  • An Tríú Bliain: Canúintí na Gaeilge
  • An Tríú Bliain: An Ghaeilge Scríofa agus Labhartha
  • An Tríú Bliain: Sochtheangeolaíocht na Gaeilge.
  • M.A.: Gramadach na Gaeilge.
  • M.A.: Béaloideas.

 

Tadhg Ó Dúshláine M.A., Ph.D., Léachtóir Sinsearach
Tadhg.ODushlaine@nuim.ie

 

Tadhg

Eagarthóireacht déanta aige ar shaothair na scríbhneoirí aithnidiúla, Séan Óg Ó Caomhánaigh agus Jer Ó Cíobháin. É ina eagarthóir comhairleach do na Collected Works of James Clarence Mangan ag an Irish Academic Press. Tréimhse caite aige (1999 - 2000) mar scríbhneoir cónaithe le Bardas Chorcaí agus an Munster Literature Centre agus stiúrthóireacht déanta aige ar an Frank O’Connor Project, comórtas idirnáisiúnta gearrscéalaíochta. É ina scriptscríbhneoir raidió is teilifíse, ag Kairos Communications; gníomhach i nGaelscoileanna agus i measc phobal na Gaeilge sa Mhí.

Modúil:

  • An Chéad Bhliain: An Nuafhilíocht
  • An Dara Bliain: An Nuafhilíocht
  • An Tríú Bliain: An Seachtú hAois Déag
  • An Tríú Bliain: An Scríbhneoireacht Chruthaitheach
  • M.A.: An Seachtú hAois Déag

 

Aisling Ní Dhonnchadha M.A., A.T.O., Ph.D., Léachtóir Sinsearach
Aisling.M.NiDhonnchadha@nuim.ie

 

Aisling

Modúil:

  • An Chéad Bhliain: NG102: An Nualitríocht 1 (An Nuaphrós)
  • An Dara Bliain: NG206: An Nualitríocht 2 (An Gearrscéal)
  • An Dara Bliain: NG216: An Nualitríocht 4 (Úrscéalaíocht na Gaeilge)
  • An Tríú Bliain: NG302: An Litríocht Chomhaimseartha 1
  • An Tríú Bliain: NG318: Téama na hImirce i litríocht na Gaeilge ó aimsir an Ghorta Mhóir i leith
  • An Tríú Bliain: NG322: Staidéar ar an léiriú ar shaoltaithí ban i bpróslitríocht Ghaeilge na Fichiú hAoise
  • M.A.: An Litríocht Chomhaimseartha 2

 

Tracey Ní Mhaonaigh M.Litt., Ph.D., Léachtóir
tracey.nimhaonaigh@nuim.ie

 

Tracey

Bhain Tracey Ní Mhaonaigh B.A., M.Litt. agus PhD amach in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Ba é ábhar a dochtúireachta an cnuasach focal, Croidhe Cainnte Chiarraighe, a bhailigh Seán Óg Ó Caomhánaigh. Tá spéis faoi leith aici i réimse na foclóireachta agus an aistriúcháin.

Modúil:

  • An Chéad Bhliain: An Ghaeilge Scríofa agus Labhartha
  • An Chéad Bhliain: NG104: An Drámaíocht
  • An Dara Bliain: An Ghaeilge Scríofa agus Labhartha
  • An Tríú Bliain: An Ghaeilge Scríofa agus Labhartha
  • An Tríú Bliain: NG316: An Drámaíocht
  • An Tríú Bliain: NG326: Oidhreach an Bhlascaoid
  • An Tríú Bliain: an cúrsa Gaeltachta ó dheas
  • M.A.: Ceird an Aistriúcháin

Lára Ní Mhaoláin Ph.D., Léachtóir
laura.malone@nuim.ie

 

Lara

Bhain Lára Ní Mhaoláin B.A (2004) agus Ph.D (2008) amach in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.  Chuir sí eagrán criticiúil den scéal Brisleach Mhór Mhaighe Muirtheimhne agus Deargruathar Chonaill Chearnaigh le chéile mar ábhar dochtúireachta agus réitigh sí eagrán den scéal Táin Bó Fliodhaise mar ábhar a taighde iardhochtúireachta.

Modúil:

  • An Dara Bliain: An Nua-Ghaeilge Mhoch I / An Fhiannaíocht / Oidhreacht an 18ú hAois
  • An Dara & An Tríú Bliain:  Litríocht na Sean-Ghaeilge / An Laochas
  • M.A:  An Phaileagrafaíocht

 

Eoghan Ó Raghallaigh Ph.D., Léachtóir
eoghan.oraghallaigh@nuim.ie

 

Eoghan

Modúil:

  • An Dara Bliain: An Ghaeilge Scríofa agus Labhartha / Oidhreacht an Ochtú hAois Déag
  • An Tríú Bliain: An Ghaeilge Scríofa agus Labhartha / Nua-Ghaeilge Mhoch
  • M.A.: An Ghaeilge Scríofa agus Labhartha / Modheolaíocht

Oifig an Rúnaí

Mairéad Uí Fhlatharta

nua.ghaeilge@nuim.ie

 

 

Last edited: Thursday, 12-Jan-2012 08:31:23 GMT

Nua-Ghaeilge, Room 20, Arts Building, NUI Maynooth
Tel: +353-1-708 3666 | Fax: +353-1-6484 | Email: nua.ghaeilge@nuim.ie