National University of Ireland, Maynooth

National University of Ireland, Maynooth
The Hume Building on the North Campus
Skip main navigation and go directly to page content

Faculties & Departments

Roinn na Nua-Ghaeilge

CÚRSAÍ IARCHÉIME

M.A.

 

Is iad seo a leanas cúrsaí an M.A. sa Nua-Ghaeilge. Is ar bhonn scrúduithe (nó measúnaithe leanúnaigh i gcásanna áirithe) agus miontráchtais a dhéanfar an marc a bhronnadh.

  • SEIMEASTAR 1
    Modúil Riachtanacha
    NG601 (An Ghaeilge Scríofa), NG604 (Béaloideas), NG606 (Modheolaíocht), NG612 (An Litríocht Chomhaimseartha), NG613 (An Seachtú hAois Déag), NG617 (Ceisteanna Teanga)
    (5 chreidiúint)

  • ID611 (Approaches to Translation Studies) (5 chreidiúint)

    Is féidir ID611 a ghlacadh mar rogha ar cheann ar bith de na modúil sa chéad seimeastar ach amháin NG601 & NG606.

  • SEIMEASTAR 2
    Modúil Riachtanacha
    NG603 (An Nua-Ghaeilge Mhoch), NG609 (Ceird an Aistriúcháin), NG611 (An Ghaeilge Scríofa), NG614 (An Nualitríocht 2), NG615 (Téamaí i Litríocht na Gaeilge 2), NG616 (Modheolaíocht)
    (5 chreidiúint)
    NG699
    (30 creidiúint)

Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha (bliain amháin) nó go páirtaimseartha (2 bhliain).

Cuirtear iarrthóirí ar an M.A. faoi agallamh.

 

M.Litt. agus Ph.D.

 

Is iad seo a leanas príomhréimsí taighde na Roinne:

Gearrscéalaíocht na Gaeilge, Teoiricí liteartha, An Nua-Ghaeilge Mhoch, An Nuafhilíocht, Stair na Gaeilge, Canúineolaíocht, Teangeolaíocht, An Rúraíocht, An Fhiannaíocht, Logainmneacha, Gaeilge na hAlban, Litríocht an Seachtú hAois Déag, Béaloideas, Litríocht chráifeach na Gaeilge

Scríobhtar tráchtas ar ghné de litríocht nó de theanga na Nua-Ghaeilge. Is faoi stiúir Ollamh na Nua-Ghaeilge nó faoi stiúrthóir eile de chuid na Roinne a dhéantar seo. Ní mór mionphlé a dhéanamh leis an stiúrthóir d’fhonn socrú ar ábhar a bheadh feiliúnach go hiomlán don chéim.

Riachtanais
Bunchéim onóracha le dara honóracha grád 1 (II.1) sa Nua-Ghaeilge a theastaíonn le haghaidh na céime seo. Is gnách go mbíonn iarchéim (M.LITT. onóracha) acu siúd a thugann faoi Ph.D. sa Nua-Ghaeilge. Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha nó go páirtaimseartha. Ba cheart teagmháil a dhéanamh le Roinn na Nua-Ghaeilge mar a bhfaighfear a thuilleadh eolais agus foirm iarratais.

Tuilleadh Eolais
An tOllamh Ruairí Ó hUiginn, Roinn na Nua-Ghaeilge.
Fón. 7083709 nó 7083666, Facs: 6289373, Ríomhphost: nua.ghaeilge@nuim.ie

AN DIOPLÓMA SA GHAEILGE

http://www.nuim.ie/language/courses/dip-irish.shtml

 

Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne)

http://www.nuim.ie/language/courses/hdip-trans.shtml

 

Last edited: Wednesday, 15-Jul-2009 14:05:11 IST

Nua-Ghaeilge, Room 20, Arts Building, NUI Maynooth
Tel: +353-1-708 3666 | Fax: +353-1-6484 | Email: nua.ghaeilge@nuim.ie