Duais Rialtais in Úsáid na Teicneolaíochta do Scoil an Léinn Cheiltigh i bPáirt le Comhairle Chontae na Mí / eGovernment Award for NUIM – Meath County Council Partnership.
I searmanas in Óstán an Four Seasons le déanaí bhronn an tAire Mary Hanafin Duais na bliana seo d’úsáid na teicneolaíochta ar TGBeo (Téacs Gaeilge Beo), clár leictreonach tacaíochta do mhic léinn Ardteistiméireachta. Tadhg Ó Dúsláine a scríobh an clár; Ian Mac Roibeárd a réitigh an pacáiste; agus Comhairle Chontae na Mí atá á dháileadh tríd an tseirbhís leabharlainne. Táthar leis an pacáiste a fhorbairt i mbliana d’fhonn freastal ar chúrsa matamaitice na hArdteiste.

Frank Fitzmaurice (OÉMN), Amanda Smyth (CC na Mí) agus Tadhg Ó Dúshláine (OÉMN)

Ar chúl: An Dr Ciarán Mac an Bhaird (OÉMN, thar ceann Scoil an Léinn Cheiltigh), An tAire Mary Hanafin, Siobhan O'Connor (Oifigeach Forbartha TF Comhairle Chontae na Mí), Michael Killeen (Stiúrthóir Pobail agus Fiontraíochta Chomhairle Chontae na Mí)
Chun tosaigh: Olive Falsey (Oifigeach Riaracháin Chomhairle Chontae na Mí), Cllr Jenny Darcy (Leas-Chathaoirleach Chomhairle Chontae na Mí), Amanda Smyth (Oifigeach Forbartha Breisoideachais agus Ardoideachais Chomhairle Chontae na Mí)